Skip to main content

Meon Láidir agus Croí Cróga

15 December 2016

Déanann clár faisnéise Alannah Murray darbh ainm ‘Roll Camera’ iniúchadh ar chuspóir an mhíchumais agus conas mar a ionadaítear do dhaoine atá faoi mhíchumas in earnáil na meán físe in Éirinn. Fuair sí ionsparáid tabhairt faoina hobair ó dhuine a bhí ar tí dul isteach san earnáil meán físe chéanna. Chreid Alannah go láidir go raibh mífhaisnéis nó neamh-fhaisnéis iomlán á dhéanamh ar dhaoine atá faoi mhíchumas.

Cuairt ó Fhoireann TG4

Thug foireann ón gclár Dúiche (TG4) cuairt ar an Institiúid i mí na Samhna. Bheartaígh an fhoireann scéal duine de n-ár scolairí Alannah Murray ó Chontae na Mí a insint maidir leis na héachtaí a bhain sí amach sa  chlár faisnéise a ndearna sí le linn a cuid staidéir anseo san Institiúid ar an gcúrsa BA (Onór.) i Léiriú Scannán agus Teilifíse. Is clár fíor-thábhachtach agus an-suimiúil é a dhíríonn ar agus a bhaineann le fadhbanna agus scéalta a dhéanann cur síos ar dhaoine atá faoi mhíchumas a theastáionn uathu tabhairt faoi obair in earnáil na meán físe in Éirinn.

Sár-Obair

Bhí sí ag iarraidh aird a tharraingt ar chonstaicí áirithe agus comhrá nua a thosú. Roghnaigh sí ábhar deacair domhain mar inspioráid agus ba mhór an rud é go raibh baint ag an stiúrthóir ildánach Paddy Slattery lena clár. Anuas ar sin, bhí foireann iontach ag obair léi óna rang féin. Chomh maith leis an agallamh a chuir foireann an chláir teilifíse ar Alannah, chuireadar agallamh ar an léachtóir Lorcan Dunne agus orm féin. Táimid ag tnúth go mór le craoladh an chláir i 2017.

Brúigh ar an nasc YouTube thíos chun faire ar ghearr-fhís ó ‘Roll Camera’:

https://www.youtube.com/watch?v=awEknEFqmGw

 An Dr Adèle Ní Choimín

Ceannasaí Roinn na nEalaíon Cruthaitheach, Meán agus Ceoil

https://www.dkit.ie/users/adele-commins

 



 

Gluais: Glossary

  • meon láidir: a strong mind;
  • agus croí cróga: and a brave heart;
  • déanann […] iniúchadh ar: investigation is done by  […];
  • clár faisnéise Alannah Murray: Alannah Murray’s documentary;
  • darbh ainm ‘Roll Camera’: which is called ‘Roll Camera’;
  • ar chuspóir an mhíchumais: on the subject of disability;
  • agus conas mar a ionadaítear do dhaoine: and how representation [is manifest] for people;
  • atá faoi mhíchumas: who are with/ have disabilities;
  • in earnáil na meáin físe in Éirinn: in the screen media industry in Ireland;
  • fuair sí ionsparáid: she got inspiration;
  • tabhairt faoina hobair: to undertake her work;
  • ó dhuine: from a person;
  • a bhí ar tí dul isteach: who was on the verge of entering;
  • san earnáil meán físe chéanna: into that same screen media industry;
  • chreid Alannah go láidir: Alannahd strongly believed;
  • go raibh mífhaisnéis: that there was mis-representation;
  • nó neamh-fhaisnéis iomlán: or complete non-representation;
  • á dhéanamh: being done;
  • ar dhaoine atá faoi mhíchumas: for/on people who have disabilities;
  • cuairt ó fhoireann TG4: a visit from the TG4 team/crew;
  • thug foireann ón gclár Dúiche cuairt ar: the crew/ team from the programme Dúiche visited;
  • an Institiúid: the Institute;
  • i mí na Samhna: in the month of November;
  • bheartaígh an fhoireann: the crew/team decided;
  • scéal duine de nár scolairí Alannah Murray ó Chontae na Mí a insint: to tell the story of one of our students Allanah Murray from County Meath;
  • maidir leis: in relation to;
  • na héachtaí: the great achievements;
  • a bhain sí amach: she accomplished;
  • sa  chlár faisnéise a ndearna sí: in the documentary she made;
  • le linn a cuid staidéir anseo: during her studies here;
  • san Institiúid: in the Institute;
  • ar an gcúrsa BA (Onór.): on the BA(Hon.) course;
  • i Léiriú Scannán agus Teilifíse: in Film and Television Production;
  • is clár fíor-thábhachtach (é): it is a very important programme;
  • agus an-suimiúil: and very interesting;
  • a dhíríonn ar fhadhbanna: which focuses on problems;
  • agus a bhaineann le scéalta: and which relates to certain stories;
  • a dhéanann cur síos ar dhaoine le mí-chumas: which describe people with disabilities;
  • sár-obair: great work;
  • bhí sí ag iarraidh aird a tharraingt ar chonstaicí áirithe: she wanted to draw attention to particular impediments;
  • agus comhrá nua a thosú: and to begin a new conversation;
  • roghnaigh sí: she selected;
  • ábhar deacair domhain: a difficult and deep subject;
  • mar inspioráid: as inspiration;
  • agus ba mhór an rud é: and it was a significant thing;
  • go raibh baint ag an stiúrthóir ildánach Paddy Slattery: that the talented/ versatile director Paddy Slattery was associated;
  • lena clár: with her programme;
  • anuas ar sin: furhtermore;
  • bhí foireann iontach ag obair léi óna rang féin: a wonderful team from her class was working with her;
  • chomh maith leis an agallamh: as well as the interview;
  • a chuir foireann an chláir teilifíse agallamh: the crew/team from the television programme conducted with Allanah;
  • chuireadar agallamh ar an léachtóir Lorcan Dunne: they interviewed lecturer Loracn Dunne;
  • agus orm féin: (and on myself) and me;
  • táimid ag tnúth go mór le craoladh an chláir i 2017: we are very much looking forward to the airing of the show in 2017;
  • brúigh ar an nasc YouTube thíos chun faire ar ghearr-fhís ó ‘Roll Camera’: click/ press on the link below to view a short clip from ‘Roll Camera’;
  • Ceannasaí Roinn na nEalaíon Cruthaitheach, Meán agus Ceoil; Head of Creative Arts, Media and Music.