Traidisiúin agus Ceol na hInstitiúide
15 December 2016Is léir ón líon mac léinn atá cláraithe don chéim BA (Onór.) sa Cheol Feidhmeach go bhfuil an-éileamh ar na cúrsaí ceoil a sholáthraíonn Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan (ITDD). Tá scoláirí acadúla agus ceoltóirí ildánacha ó gach cearn den domhain cláraithe linn agus i rith na bliana glacann siad páirt sna coirmeacha ceoil agus sna heachtraí éagsúla a reáchtálann Roinn na nEaláion Cruthaitheach, Meán agus Ceoil.
Ceol Traidisiúnta
Tá ceol traidisiúnta lárnach i saol cheoil an champais agus gach bliain eagraíonn stiúrthóirí na Roinne eachtraí speisialta agus turasanna thar lear chun idirchaidreamh a spreagadh idir mhic léinn na hInstitiúide agus a gcomhpháirtithe sna Coláistí eachtracha.
I gCónaí Gníomhach
Le linn Mí Márta agus mar pháirt de chomóradh an chéid 1916-2016 d’eagraigh an Roinn ceolchoirm mhór chuimhneacháin, agus i Mí Iúil thaistil grúpa sabhal go hAlban chun seinmt ag Speyfest i bhFochabers, agus in Ionad Náisiúnta Píobaireachta Ghlaschú.
Oíche Spleodair
Bhí oíche speisialta ceoil againn i mí na Samhna seo caite le hEnsemble Ceoil Traidisiúnta ITDD faoi stiúir an Dr Daithí Ó Cearnaigh. Chuir Roinn na nEalaíon Cruthaitheach, Meán agus Ceoil, coirm cheoil darbh teidil Iontais in Alban i láthair in Amharclann Mhic Anna ar an 16ú Samhain 2016 mar sméar mullaigh ar an dturas a ndearnadar i Mí Iúil. Bhí an amharclann lán go doras, agus ba léir ón gclampar a tháinig uathu gur bhain na daoine a bhí i láthair taitneamh as an gceolchoirm. Ba bheomhar an t-atmaisféar agus corraíodh na cuislí sa halla le linn na hoíche.
Eachtraí san Athbhliain 2017
Féile Dhún Dealgan – Scoildrámaíocht – Amharclann Mhic Anna – Aoine 17ú Feabhra
Seachtain na Gaeilge in ITDD – Mí Márta 1-17
Coirmeacha Ceoil, Eachtraí Speisialta, agus Craic Ghinearálta! Bígí Linn
http://snag.ie/lathair/page/31/
Nollaig faoi shéan is faoi mhaise ó Roinn na nEalaíon Cruthaitheach, Meán agus Ceoil!
Gluais: Glossary
- traidisiúin: traditions;
- agus ceol na hInstitiúide: and the Institute’s music;
- is léir ón líon mac léinn atá cláraithe: it is clear from the number of registered students;
- don chéim BA (Onór.): for the BA (Hon.) degree;
- sa Cheol Feidhmeach: in Applied Music;
- go bhfuil an-éileamh: that there is a great demand;
- ar na cúrsaí ceoil: for the musical courses;
- a sholáthraíonn Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan (ITDD): that Dundalk Institute of Technology (DkIT) provides;
- tá scoláirí acadúla agus ceoltóirí ildánacha: there are academic scholars and versatile musicians;
- ó gach cearn den domhain: from all over the world;
- cláraithe linn: registered with us;
- agus i rith na bliana glacann siad páirt: and during the year they take part;
- sna coirmeacha ceoil: in the musical concerts;
- agus sna heachtraí éagsúla: and the various events;
- a reáchtálann Roinn na nEaláion Cruthaitheach, Meán agus Ceoil: that the Department of Creative Arts, Media and Music run;
- tá ceol traidisiúnta: traditional music is;
- lárnach i saol cheoil an champais: central to the musical life of the campus;
- agus gach bliain: and each year;
- eagraíonn stiúrthóirí na Roinne: directors of the Department organise;
- eachtraí speisialta: special events;
- agus turasanna thar lear: and trips overseas;
- chun idirchaidreamh a spreagadh: to promote positive relations;
- idir mhic léinn na hInstitiúide: between students of the Institute;
- agus a gcomhpháirtithe: and their peers;
- sna Coláistí eachtracha: in the foreign Colleges;
- i gcónaí gníomhach: always active;
- le linn Mí Márta: during the month of March;
- agus mar pháirt de chomóradh an chéid 1916-2016: and as part of the centenary 1916-2016 celebrations;
- d’eagraigh an Roinn ceolchoirm mhór chuimhneacháin: the Department organised a commemoration concert;
- agus i Mí Iúil: and in the month of July;
- thaistil grúpa sabhal: a group travelled over;
- go hAlban: to Scotland;
- chun seinnt ag Speyfest i Fochabers: to play at Speyfest in Fochabers;
- agus in Ionad Náisiúnta Píobaireachta Glaschú: and in the National Piping Centre Glasgow;
- oíche spleodair: night of cheerfulness; bhí oíche speisialta ceoil againn: we had a special night of music;
- i mí na Samhna seo caite: this past November;
- le hEnsemble Ceoil Traidisiúnta ITDD: with DkIT Traditional Ensemble;
- faoi stiúir an Dr Daithí Ó Cearnaigh: under the direction of Dr Daithí Kearney;
- chuir Roinn na nEalaíon Cruthaitheach, Meán agus Ceoil coirm cheoil darbh teidil Iontais in Alban i láthair: the Department of Creative Arts, Media and Music presented a concert entitled Iontais in Alban – Wonders/Adventures in Scotland;
- in Amharclann Mhic Anna ar an 16ú Samhain 2016: in The MacAnna Theatre on the 16th of November;
- mar sméar mullaigh ar an turas a ndearnadar i Mí Iúil: to top off the trip the made in the month of July;
- bhí an amharclann lán go doras: the theatre was packed;
- agus ba léir ón gclampar a tháinig uathu: and it was evident from the noise that came from them;
- gur bhain na daoine a bhí i láthair taitneamh as an gceolchoirm: that the people present enjoyed the concert;
- ba bheomhar an t-atmaisféar: there was a lively atmosphere;
- agus corraíodh na cuislí sa halla: and the emotions were stirred;
- le linn na hoíche: during the night;
- eachtraí san athbhliain 2017: events for 2017;
- Féile Dhún Dealgan: Dundalk Festival;
- scoildrámaíocht; schoolplays;
- Amharclann Mhic Anna: Mac Anna Theatre;
- Aoine 17ú Feabhra: Friday 17th February;
- Seachtain na Gaeilge in ITDD – Mí Márta 1-17: Irish Language Week DkIT – March 1-17;
- coirmeacha ceoil: concerts;
- eachtraí speisialta: special events;
- agus craic ghinearálta: general craic;
- bígí linn: be with us;
- Nollaig faoi shéan is faoi mhaise ó Roinn na nEalaíon Cruthaitheach, Meán agus Ceoil. The Department of Creative Arts, Media and Music wish you a Merry Christmas.